Cánachas ar íocaíochtaí ón RCS
Íocaíochtaí ón RCS is gá a dhearbhú
Tá na híocaíochtaí seo a leanas ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) incháinithe.
- Pinsean na nDall
- Liúntas Cúramóra
- Sochar Cúramóra
- Pinsean Sochair Báis
- Liúntas Mná Céile Tréigthe
- Sochar Mná Céile Tréigthe
- Sochar Míthreorach, nuair a íoctar mar phinsean é seachas mar íocaíocht aon uaire
- Pinsean Páirtnéara faoi Mhéala (Neamh-Ranníocach).
Nóta
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, gheobhaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis maidir le híocaíochtaí Liúntas Cúramóra agus Sochar Cúramóra ón RCS.
Ní aistrítear eolas faoi na híocaíochtaí seo ón RCS chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Má fhaigheann tú aon cheann de na híocaíochtaí seo, ní mór duit é a dheimhniú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Mura ndéantar an t-ioncam seo a dhearbhú, féadfaidh sé go mbeidh dliteanas cánach mar thoradh air.
An chaoi le híocaíocht ón RCS a dhearbhú
Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT)
Chun íocaíocht incháinithe a dhearbhú:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Roghnaigh an nasc ‘Bainistigh do cháin do cháin don bhliain reatha' i Seirbhísí ÍMAT.
- Roghnaigh ‘Cuir ioncam nua leis’ sa rannán D’ioncam breise.
- Cliceáil ar ‘taispeáin níos mó’ agus roghnaigh an íocaíocht cheart nó na híocaíochtaí cearta ón RCS.
I gcás gach ioncam ón RCS atá á dhearbhú agat, is gá duit an dáta a thosaigh an íocaíocht agus an tsuim sheachtainiúil reatha a dheimhniú. Chomh maith leis sin, féadfaidh tú an t-ioncam seo a dhearbhú trí M’Fhiosruithe.
Mura bhfuil tú in ann moChúrsaí a úsáid, déan teagmháil le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Má theastaíonn uait ioncam i leith bliain roimhe a dhearbhú, is gá Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú.
Féinfhostaithe
Má tá tú féinfhostaithe, ní mór duit sonraí aon íocaíocht incháinithe ón RCS a chur san áireamh ar do thuairisceán cánach Foirm 11. Is gá duit an cháin dlite a íoc agus d’íocaíocht Cánach Ioncaim á dhéanamh agat.
Bain úsáid as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun do thuairisceán cánach a thíolacadh.
Ar aghaidh: Cén chaoi a ngearrtar cáin ar íocaíochtaí de chuid an RCS