Cánachas ar íocaíochtaí ón RCS

Cén chaoi a ngearrtar cáin ar íocaíochtaí de chuid an RCS

Tá íocaíochtaí incháinithe ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) faoi dhliteanas Cánach Ioncaim, ach níl siad faoi dhliteanas an Mhuirir Shóisialaigh UilíochÁrachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC).Braitheann an chaoi a mbailítear íocaíochtaí de chuid an RCS ar cibé an cáiníocóir Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú nó cáiníocóir féinfhostaithe thú.

Má tá íocaíocht incháinithe ón RCS mar an t-aon fhoinse ioncaim atá agat, féadfaidh sé nach mbeidh ort cáin a íoc. Tá sé seo amhlaidh toisc nach sáraíonn do dhliteanas cánach do chreidmheasanna cánach. Má tá íocaíocht ón RCS agus foinse eile ioncaim agat, féadfaidh sé go mbeidh ort cáin a íoc.

Tabhair do d’aire

Má tá tú ag fáil íocaíocht ón RCS, féadfaidh sé go bhfaighidh tú Creidmheas Cánach Fostaí chomh maith le do ghnáthchreidmheasanna cánach.

Cáiníocóirí ÍMAT

Laghdaíonn na Coimisinéirí Ioncaim do chreidmheasanna cánach agus banda ráta bliantúil ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach chun go gcuirfí san áireamh aon íocaíochtaí incháinithe ón RCS. Beidh tú in ann do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach a fheiceáil, a phriontáil nó a íoslódáil in Mo Chuid Doiciméad in moChúrsaí.

Cuirfidh na Coimisinéirí IoncaimFógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI)ar fáil do d’fhostóir nó do sholáthraí pinsin ionas go bhféadann siad aon cháin atá dlite a bhailiú.

Cáiníocóirí féinfhostaithe

Ní mór duit sonraí aon íocaíochtaí incháinithe ón RCS a chur san áireamh ar d’Fhoirm 11 agus an cháin atá dlite a íoc nuair atá tú ag déanamh d’íocaíocht cánach ioncaim bhliantúil. Bain úsáid as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun do thuairisceán cánach a thíolacadh.

Ar aghaidh: Cánachas ar na Sochair Bhreoiteachta, Díobhála Ceirde agus Cumais Pháirtigh