Cánachas ar íocaíochtaí ón RCS

Íocaíochtaí incháinithe nach gá a dhearbhú

Is íocaíochtaí incháinithe iad na híocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) atá sa liosta thíos . Cuireann an RCS faisnéis faoi na híocaíochtaí seo a fáil do na Coimisinéirí Ioncaim. Ní chaithfear teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim chun na híocaíochtaí seo a thuairisciú. Cuirfidh an RCS na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoin tsuim chun críocha Cánach Ioncaim. Is iad seo a leanas na híocaíochtaí:

  • Sochar Uchtála
  • Scéimeanna Fostaíochta Pobail (SFP)
  • Sochar Sláinte agus Sábháilteachta
  • Sochar Breoiteachta (tá díolúine ag gach gné a bhaineann le cleithiúnaí linbh)
  • Forlíonadh Éagumais
  • Pinsean Easláine
  • Liúntas Oileáin (más cuid d’aon cheann de na híocaíochtaí incháinithe é)
  • Sochar Cuardaitheora Poist (tá an chéad €13 in aghaidh na seachtaine díolmhaithe; agus tá díolúine chomh maith ag an Sochar Cuardaitheora Poist a íoctar le ‘hoibrithe oibre córasaí gearrthéarma’)
  • Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) (tá an chéad €13 in aghaidh na seachtaine díolmhaithe)
  • Sochar Máithreachais
  • Liúntas Maireachtála Aonair (más chuid d’aon cheann de na híocaíochtaí incháinithe é)
  • Sochar Díobhála Ceirde (tá díolúine ag gach cleithiúnaí linbh)
  • Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
  • Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (IDP)
  • Sochar Tuismitheora
  • Sochar Cumais Pháirtigh
  • Sochar Atharthachta
  • Scéim Shóisialta Tuaithe
  • Liúntas Fiontair Ghearrthéarma
  • Pinsean Stáit (Ranníocach, Neamhranníocach)
  • Pinsean Ranníocach do Bhaintreacha, do Bhaintreacha Fir nó do Pháirtnéirí Sibhialta Marthanacha.

Ar aghaidh: Sochair RCS díolmhaithe ó cháin