Tréimhsí dífhostaíochta

An cánachas ar Shochar Cuardaitheora Poist agus ar Shochar Cuardaitheora Poist (féinfhostaithe)

Is é An Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) a íocann Sochar Cuardaitheora Poist agus Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe). Tá siad faoi dhliteanas Cánach Ioncaim, seachas:

  • an chéad €13 gach seachtain
  • an tsuim maidir le cleithiúnaithe linbh.

Níl Sochar Cuardaitheora Poist ná Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) faoi dhliteanas an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) ná Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC).

Tugann an RCS sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim faoi íocaíochtaí Sochair Cuardaitheora Poist. Má fhaigheann tú Sochar Cuardaitheora Poist agus más cáiníocóir faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú, bailíonn muid an cháin dhlite.

Féadfaidh sé go bhfuil tú nó do chéile nó do pháirtnéir sibhialta ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) agus go bhfuil fostaíocht ÍMAT fós agat/ag do chéile nó páirtnéir sibhialta ar bhonn leanúnach. Sa chás seo, déanfaidh muid an cháin dhlite a bhailiú tríd an bhfostaíocht sin.

Tabhair do d’aire

Tarlaíonn an malartú faisnéise idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an RCS ar bhonn seachtainiúil. Féadfaidh sé go mbeidh moill ghearr ar nuashonrú an eolais i leith na híocaíochta Sochair Cuardaitheora Poist chun do thaifid leis na Coimisinéirí Ioncaim

Sochar Cuardaitheora Poist

Bailítear Cáin Ioncaim ar Shochar Cuardaitheora Poist trí do chreidmheasanna cánach agus do bhanda ráta bliantúil a laghdú. Nuair a thosaíonn tú ag obair arís, seolfaidh muid deimhniú creidmheasanna cánach nua chugat ar a léirítear na suimeanna athbhreithnithe.

Féadtar aisíocaíocht Cánach Ioncaim a éileamh fad is atá tú dífhostaithe. Má dhéanann, cuirfear an tsuim incháinithe den Sochar Cuardaitheora Poist le do phá. Ríomhfaidh muid ansin cibé aisíocaíocht (más ann di) atá dlite duit.

Tabhair do d’aire

Má tá tú ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist toisc go bhfuil tú i ‘bhfostaíocht chórasach ghearrthéarma', ní chaithfear ansin Cáin Ioncaim a íoc i leith an tsochair sin. 

Sochar Cuardaitheora Poist (féinfhostaithe)

Cuireadh tús le scéim íocaíochta an tSochair Cuardaitheora Poist (féinfhostaithe) ar an 1 Samhain 2019, tar éis gur fógraíodh i mBuiséad 2019 í. 

Féadfaidh an Creidmheas Cánach i leith Ioncaim Tuillte a bheith ar fáil do dhuine aonair a fhaigheann an Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe). 

Liúntas Cuardaitheora Poist

Tá Liúntas Cuardaitheora Poist éagsúil ó Shochar Cuardaitheora Poist agus níl sé faoi dhliteanas Cánach Ioncaim, MSU ná ÁSPC.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar An cánachas ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Ar aghaidh: Cánachas ar éilimh Cuardaitheora Poist ghearrthéarmaigh