Poist a athrú

Léargas ginearálta

Má athraíonn tú post:

  • cuirfidh d’iarfhostóir na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas go bhfuil tú fágtha, trí do dháta fágála a chur isteach ar an tíolacadh deiridh párolla
  • agus
  • cuirfidh d’fhostóir nua na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas go bhfuil tú tosaithe ag obair leo, trína bpróiseas párolla.

moChúrsaí

Má loiceann do shean-fhostóir na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas go bhfuil d'fhostaíocht tar éis críochnú, féadtar do shean-phost a scor trí:

  • síniú isteach ar moChúrsaí
  • agus
  • cliceáil ar 'Féach/Scoir do Shonraí Poist nó Pinsin' sa chluaisín 'Seirbhísí ÍMAT'.

In moChúrsaí, féadtar do chánacha a bhainistiú, agus féachaint ar do shonraí pá agus cánach mar a thíolaic d’fhostóir iad.

Ar aghaidh: Nuair a fhágann tú do phost