Poist a athrú

Nuair a thosaíonn tú post nua

Nuair a thosaíonn tú post nua, is gá duit d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a thabhairt do d’fhostóir nua. Cuirfidh d’fhostóir nua na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas go bhfuil tú tosaithe ag obair leo nuair a iarrann siad Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) ar do shon don chéad uair.

Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Deimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC) chugat agus cuirfidh siad FPCI ar fáil do d’fhostóir.

Féadann d’fhostóir ansin na hasbhaintí cearta a dhéanamh ó do thuarastal bunaithe ar na sonraí ón FPCI.

Mura dtugann tú do UPSP do d’fhostóir nua, féadfaidh sé go n-íocfaidh tú an iomarca cánach. Iarrfar ar d’fhostóir Cáin Éigeandála a asbhaint ó do phá.

Féadfaidh sé gurb é an post nua seo do chéad phost in Éirinn. Más ea, is gá duit síniú isteach ar moChúrsaí chun é a chlárú ag baint úsáide as an tseirbhís Poist agus Pinsin.

Mura gcláraíonn tú do chéad phost, ní bheidh d'fhostóir in ann FPCI a íoslódáil duit. Beidh orthu Cáin Éigeandála a asbhaint ó do phá.

Tabhair do d’aire

Beidh tú in ann do DCC a fheiceáil, a phriontáil nó a íoslódáil sa bhfillteán 'Mo Chuid Doiciméad' in moChúrsaí.