Cuir post nó pinsean leis

Leis an tseirbhís Poist agus Pinsin ar moChúrsaí, féadtar do chéad phost nó pinsean príobháideach nua a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Nuair a chláraíonn tú do phost nó pinsean, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim Deimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC) ar fáil duit. Beidh Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) curtha ar fáil do d’fhostóir nó soláthraí pinsin nua. Cinnteoidh sé seo go n-asbhaintear an tsuim cheart cánach ó do phost nó pinsean príobháideach.

Cé dó an tseirbhís seo?

Ní mór duit an tseirbhís Poist agus Pinsin a úsáid chun do chéad post in Éireann a chlárú. Féadtar an tseirbhís Poist agus Pinsin a úsáid chomh maith chun post a scor.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís seo a úsáid

Chun do chéad phost nó pinsean a chlárú sa seirbhís Poist agus Pinsean, teastóidh an méid seo a leanas:

  • Uimhir Thagartha Cánach (UTC) d’fhostóra nó do sholáthraí pinsin nua 
  • dáta tosaigh do phost nó pinsean nua
  • agus
  • minicíocht d’íocaíochta tuarastail nó pá nó pinsin.

Má fhaigheann tú íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS), beidh ort dul i dteagmháil linn agus an tsuim sheachtainiúil a chur ar fáil. Áirítear sna híocaíochtaí seo:

  • Pinsean na nDall
  • Liúntas Cúramóra nó Sochar Cúramóra
  • Pinsean (neamhranníocach) Baintrí nó Páirtnéara Sibhialta Marthanaigh.
  • Pinsean Sochair Báis
  • Liúntas Mná Céile Tréigthe
  • Sochar Mná Céile Tréigthe
  • Sochar Míthreorach
  • Liúntas Fiontair Ghearrthéarma
  • Pinsean Stáit Idirthréimhseach.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí, ach cliceáil ar an gcárta ‘Poist agus Pinsin’, agus na céimeanna seo a leanas a leanúint:

  • ‘Uasdátaigh Sonraí Poist nó Pinsin’ a roghnú sa rannán ‘Seirbhísí ÍMAT’
  • cliceáil ar ‘Tosaigh’
  • cliceáil ar ‘Cuir post leis’ nó ‘Cuir pinsean leis’
  • cliceáil ar ‘Post nó pinsean a scoireadh
  • agus
  • lean na treoracha ar an scáileán.

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an gcluaisín 'Poist agus Pinsin’ sa rannán ‘Seirbhísí Eile’ ar an bpríomh-roghchlár ROS.
  • Cliceáil ar ‘Tosaigh’.
  • cliceáil ar ‘Cuir post leis’ nó ‘Cuir pinsean leis’
  • cliceáil ar ‘Post nó pinsean a scoireadh’
  • agus
  • lean na treoracha ar an scáileán.