Do chéad phost a thosú

Léargas ginearálta

Nuair a thosaíonn tú do chéad phost, ba cheart duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi a luaithe agus is féidir, nó féadfaidh sé go mbeidh ort Cáin Éigeandála a íoc. Chun é seo a dhéanamh, beidh ort clárú do moChúrsaí. Nuair atá tú cláraithe le haghaidh moChúrsaí, féadtar do phost a chlárú trí chliceáil ar 'Cuir Sonraí Poist nó Pinsin Leis' faoin gcárta 'Seirbhísí ÍMAT'.

Tabhair do d'aire go ndéanfaidh d'fhostóir do phost a chlárú ina dhiadh sin.

Tar éis duit an chéad phost a chlárú, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) ar fáil chuig d’fhostóir nua. Bainfidh d'fhostóir úsáid as an FPCI chun an méid Cánach Ioncaim agus Muirir Sóisialaigh Uilíoch (MSU) atá le hasbhaint ó do phá a ríomh.

Ar aghaidh: Céard ba chóir a dhéanamh