Cáin Éigeandála

Léargas ginearálta

Is bonn malartach asbhainte cánach í an Cháin Éigeandála. Déanann d’fhostóir Cáin Ioncaim agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a asbhaint ó do phá comhlán ag na Emergency Tax rates. Tarlaíonn sé seo i gcúinsí áirithe nuair nach bhfuil d'fhostóir in ann Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) a fháil duit. 

Chun Cáin Éigeandála a sheachaint:

Is gá duit é seo a dhéanamh chomh luath agus is féidir ionas go bhféadfaidh d’fhostóir FPCI a iarraidh roimh do chéad lá pá.

Tabhair do d'aire

Ní mór do d'fhostóir d'fhostaíocht a chlárú murab é seo do chéad phost. Más é do chéad phost sa Stát, is féidir leat do phost a chlárú ar moChúrsaí, trí chliceáil ar ‘Cuir Post nó Pinsean’ faoi 'Seirbhísí ÍMAT'.

Mura bhfuil UPSP agat, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis An Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS). Biedh tú in ann clárú ansin le haghaidh moChúrsaí chun rochtain a fháil ar ár gcuid seirbhísí ar líne agus do chéad phost a chlárú.

Ar aghaidh: Rialacha maidir le Cáin Éigeandála