Cáin Éigeandála
Conas stop a chur le Cáin Éigeandála a íoc
Cuirfidh d’fhostóir rátaí cánach éigeandála i bhfeidhm ar do phá comhlán sa chás:
Nuair a bheidh d’UPSP ag d’fhostóir agus do phost cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim, is féidir leo ansin Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) a iarraidh. Taispeánfaidh sé seo iomlán do chreidmheasanna cánach, Bhanda ráta Cánach Ioncaim agus Banda ráta an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU).
Chomh luath agus is féidir le d'fhostóir FPCI a íoslódáil duit, is féidir leo na hasbhaintí cánach cearta a bhaint ó do phá agus deireadh a chur le Cáin Éigeandála. Más cuí, féadann d’fhostóir aon Cháin Ioncaim nó MSU ró-asbhainte a aisíoc.
Leanfar ar aghaidh le cáin ar bhonn éigeandála a ghearradh ort go dtí go bhfaigheann d’fhostóir FPCI i do leith.
Céard a chaithfear a dhéanamh más é seo do chéad phost sa Stát
Mura bhfuil UPSP agat, ní mór duit dul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) le ceann a iarraidh. Nuair a bheidh do UPSP faighte agat, is féidir leat clárú ansin moChúrsaí chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim agus do chéad phost a chlárú linn.
Chun do chéad phost a chlárú ar moChúrsaí, cliceáil ar 'Cuir Sonraí Poist nó Pinsin leis', faoin gcluaisín 'Seirbhísí ÍMAT'. Ansin, beidh ort an méid seo a leanas a chur ar fáil:
- UPSP
- Uimhir Thagartha Cánach d’fhostóra
- dáta tosaigh na fostaíochta.
Nuair a bheidh do phost cláraithe go rathúil agat agus do UPSP curtha ar fáil do d'fhostóir, cuirfear FPCI ar fáil dóibh. Ní chuirfidh d'fhostóir rátaí Cánach Éigeandála i bhfeidhm nuair a fhaigheann siad do FPCI.
Má bhí Cáin Éigeandála á ghearradh ort, aisíocfaidh d'fhostóir aon Cháin Ioncaim ró-íoctha agus MSU trí phárolla a luaithe is a chuirtear FPCI carnach ar fáil.
Céard a chaithfear a dhéanamh más é an dara phost (nó poist iomadúla) atá i gceist
Féadfaidh sé gur thosaigh tú ar dhara post, i dteannta do phost reatha. Má dhéanann tú amhlaidh, ní mór duit d'UPSP a chur ar fáil do d'fhostóir nua ionas go mbeidh siad in ann do dhara fostaíocht a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Féadtar moChúrsaí a úsáid chun a sheiceáil go bhfuil do phoist go léir cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim. Féadtar é sin a dhéanamh trí chliceáil ar 'Bainistigh Do Cháin don bhliain reatha’ faoin rannán 'Seirbhísí ÍMAT'.
Féadtar moChúrsaí a úsáid freisin chun do chreidmheasanna cánach agus banda ráta a leithdháileadh idir do phost reatha agus do phost nua. Gheobhaidh d’fhostóir nua FPCI ansin ina dtugtar treoir dóibh i leith na n-asbhaintí cearta cánach atá le déanamh. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Creidmheasanna cánach agus bandaí rátaí a roinnt idir poist.
Ar aghaidh: Cén chaoi le haisíocaíocht Cánach Éigeandála agus a fháil