Is fostaí ÍMAT Róisín agus tuilleann sí €300 in aghaidh na seachtaine le haghaidh a príomhphoist.
Tá Róisín i dteideal an méid seo a leanas do 2026:
| Cur síos | Méid |
| Banda ráta seachtainiúil |
€846.16 |
| Creidmheasanna cánach seachtainiúla |
€76.92 |
Is é seo an chaoi a ndéantar cáin sheachtainiúil Róisín a ríomh dá príomhphost:
Ríomh cánach seachtainiúil Róisín dá príomhphost
| Cur síos |
Ioncam | Cáin |
| Gearrtar cáin ag an ráta 20% |
€300 |
€60.00 |
| Gearrtar cáin ag an ráta 40% |
0 |
0 |
| Cáin chomhlán |
|
€60.00 |
| Lúide creidmheasanna cánach |
|
(€60.00) |
| Cáin iníoctha |
|
0 |
Faigheann Róisín post eile ina dtuilleann sí €190 in aghaidh na seachtaine.
Ní gá do Róisín a creidmheasanna cánach agus banda ráta a úsáid ina n-iomlán lena príomhphost agus iarrann sí ar na Coimisinéirí Ioncaim na suimeanna neamhúsáidte a aistriú chuig a dara post.
Dá réir sin:
• Tá banda ráta seachtainiúil iomlán de €846.16 ag Róisín. Ní theastaíonn uaithi ach €300 chun a tuillimh a chlúdach ina príomhphost ionas go bhféadfaidh sí an €546.16 neamhúsáidte a aistriú chuig a dara post.
• Is é €76.92 creidmheasanna cánach seachtainiúla iomlán Róisín. Ní theastaíonn uaithi ach €60.00 chun a tuillimh a chlúdach ina príomhphost, ionas go bhféadfaidh sí an €16.92 neamhúsáidte a aistriú chuig a dara post.
Seolann na Coimisinéirí Ioncaim DCC chuici leis na creidmheasanna cánach agus an banda ráta seo léirithe air agus seoltar FPCI chuig a cuid fostóirí ag léiriú na suimeanna iomlána.
Is é seo an chaoi a ndéantar cáin sheachtainiúil Róisín a ríomh dá dara post:
Ríomh cánach seachtainiúil Róisín dá dara post
| Cur síos |
Ioncam | Cáin |
| Gearrtar cáin ag an ráta 20% |
€190 |
€38.00 |
| Gearrtar cáin ag an ráta 40% |
0 |
0 |
| Cáin chomhlán |
|
€38.00 |
| Lúide creidmheasanna cánach |
|
€16.92 |
| Cáin iníoctha |
|
€21.08 |
Faigheann Róisín a tríú post ina dtuilleann sí €140 in aghaidh na seachtaine.
Dá réir sin:
• Is é €846.16 an banda ráta seachtainiúil iomlán Róisín. Ní theastaíonn uaithi ach €490 (€300 + €190) chun a tuillimh ina dá phost eile a chlúdach ionas go bhféadfaidh sí an €356.16 neamhúsáidte a aistriú chuig a tríú post.
• Is é €76.92 creidmheasanna cánach seachtainiúla iomlán Róisín. Toisc go bhfuil siad sin úsáidte aici ina dá phost eile, níl creidmheas cánach ar bith aici le húsáid don tríú post.
Seolann na Coimisinéirí Ioncaim DCC chuici leis na creidmheasanna cánach agus an banda ráta seo léirithe air agus seoltar FPCI chuig a cuid fostóirí ag léiriú na suimeanna iomlána.
Is é seo an chaoi a ndéantar cáin sheachtainiúil Róisín a ríomh dá tríú post:
Ríomh cánach seachtainiúil Róisín dá tríú post
| Cur síos |
Ioncam | Cáin |
| Gearrtar cáin ag an ráta 20% |
€140 |
€28.00 |
| Gearrtar cáin ag an ráta 40% |
0 |
0 |
| Cáin chomhlán |
|
€28.00 |
| Lúide creidmheasanna cánach |
|
0 |
| Cáin iníoctha |
|
€28.00 |