Pósadh agus páirtnéireachtaí sibhialta
Cóimheasúnú
Is é cóimheasúnú an rogha is tairbhiúla d’fhormhór lánúineacha. Faoi chóimheasúnú, tá sibh inmhuirir i leith cánach bhur n-ioncam iomlán le chéile.
Is é seo an rogha a fheidhmítear nuair a chuireann tú in iúl dúinn go bhfuil tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta. Ní chuireann sé cosc ort ceachtar den dá rogha eile a roghnú, is é sin measúnú ar leithligh nó déileáil ar leithligh.
Chun an bonn cóimheasúnaithe a roghnú, ní mór duit comhroghnú i scríbhinn a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim roimh an 31 Nollaig sa bhliain chánach ábhartha. Féadtar é seo a dhéanamh trí M’Fhiosruithe in moChúrsaí. Féadtar aon doiciméad tacaíochta a uaslódáil freisin.
Más mian leat do stádas sibhialta a thabhairt cothrom le dáta féadtar é sin a dhéanamh trí 'Mo Phróifíl' i moChúrsaí. Is gá do do chéile an t-iarratas a dheimhniú trí shíniú isteach ar moChúrsaí agus an stádas a thabhairt cothrom le dáta a dheimhniú.
Céile nó páirtnéir sibhialta inmheasúnaithe
Is é an céile inmheasúnaithe nó an páirtnéir sibhialta ainmnithe atá freagrach as na tuairisceáin chánach a thíolacadh agus aon cháin dhlite a íoc.
An chaoi leis an gcéile inmheasúnaithe nó páirtnéir sibhialta ainmnithe a roghnú
Féadann tú roghnú cé acu duine díobh a bheidh mar an duine inmheasúnaithe.
Féadtar é seo a dhéanamh trí:
- moChúrsaí a úsáid chun do stádas sibhialta a thabhairt cothrom le dáta agus do bhonn measúnaithe a roghnú
- nó
- ceann díobh seo a leanas a chomhlánú
Féadtar an fhoirm a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim moChúrsaí ag baint úsáide as M’Fhiosruithe.
Ní mór duit é seo a dhéanamh ar an 31 Márta nó roimhe sa bhliain inar mian leat go bhfeidhmeofaí an rogha.
Ní gá duit an rogha a dhéanamh. Mura ndéantar rogha, is é an céile nó an páirtnéir sibhialta leis an ioncam is airde a éireoidh, go huathoibríoch, de bheith mar chéile inmheasúnaithe nó mar pháirtnéir sibhialta ainmnithe.
Ní athróidh an céile inmheasúnaithe nó páirtnéir sibhialta ainmnithe go dtí go ndéanann tusa agus do chéile nó páirtnéir sibhialta:
- an céile nó páirtnéir sibhialta eile a roghnú
- nó
- Measúnú ar Leithligh nó Déileáil ar Leithligh a roghnú.
Creidmheasanna cánach, faoisimh agus bandaí ráta a leithdháileadh
Faoi bhonn an chóimheasúnaithe, ligtear duit an chuid is mó de do chreidmheasanna cánach, faoisimh agus banda ráta a leithdháileadh (a aistriú eadraibh) ar do chéile nó páirtnéir sibhialta.
Braitheann na Rátaí Cánach, Bandaí agus Faoisimh a bhaineann leat ar cé acu an bhfuil ioncam ag duine amháin agaibh nó ag an mbeirt agaibh.
Ní fhéadtar iad seo a leanas a aistriú:
Má tá ioncam inchánach agat agus ag do pháirtnéir araon, féadtar moChúrsaí a úsáid chun bhur gcreidmheasanna cánach agus bhur mbandaí ráta a leithdháileadh mar is mian libh féin. Gheobhaidh an bheirt agaibh Deimhnithe Creidmheasanna Cánach (DCCanna) nuashonraithe a léiríonn leithdháileadh bhur gcreidmheasanna agus bhur mbanda ráta.
Mura ndéanann tú na creidmheasanna cánach agus na faoisimh a leithdháileadh, tabharfar iad go léir don chéile inmheasúnaithe.
Tabhair do d'aire
Ní fhéadtar an Creidmheas Cánach Cúramóra Baile agus an banda ráta méadaithe araon a éileamh.
Ba chóir cibé acu is tairbhí duit a éileamh bunaithe ar do chúinsí pearsanta féin.
Cóimheasúnú (sa chás go bhfuil páirtnéir amháin féinfhostaithe)
Má tá tú féin nó do pháirtnéir féinfhostaithe, féadtar úsáid a bhaint as an gcóras cóimheasúnaithe fós. Féadfaidh tú cinneadh a dhéanamh íoc mar seo a leanas más mian leat:
Féadtar é seo a dhéanamh tríd an gcaoi a ndéanann tú leithdháileadh ar do chreidmheasanna agus banda ráta. Má roghnaíonn tú an chuid is mó de do cháin a íoc trí ÍMAT, féadtar do chreidmheasanna a aistriú chuig an duine féinfhostaithe.
Ní fhéadtar an Creidmheas Cánach Fostaí ná costais fostaíochta a aistriú.
Cóimheasúnú agus íocaíochtaí ón RCS
D'fhéadfadh íocaíocht ón RCS (an Roinn Coimirce Sóisialaí) a bheith á fháil agat nó ag do pháirtnéir, mar shampla Sochar Máithreachais, Liúntas Cúramóra nó Sochar Breoiteachta. Féadtar tuilleadh eolais a fháil faoi cháin a ghearrtar ar shochair den sórt sin ag Cánachas ar íocaíochtaí ón RCS.
Aisíocaíochtaí
Má tá aon aisíocaíochtaí dlite ag deireadh na bliana, déanfar iad a aisíoc le gach duine i gcomhréir leis an tsuim chánach a d’íoc an bheirt go haonar.
- Sampla
Tá Mary agus John pósta agus tá siad faoin mbonn cóimheasúnaithe. Is í Mary an céile inmheasúnaithe.
B'ionann a n-ioncam iomlán in 2025 agus €90,400. Tá sé sin comhdhéanta d'ioncam fostaíochta ÍMAT Mary de €54,200 agus d'ioncam infheistíochta John de €36,200.
D’éiligh siad dhá chreidmheas cánach:
|
Creidmheasanna cánach Mary agus John 2025
|
|
Creidmheas Cánach
|
Suim
|
|
Creidmheas Cánach do Dhuine Pósta nó Páirtnéir Sibhialta
|
€4,000
|
|
Creidmheas Cánach Fostaí
|
€2,000
|
|
Iomlán
|
€6,000
|
In 2025, ba é €53,000 scoithphointe an ráta chaighdeánaigh do lánúin phósta nó do pháirtnéirí shibhialta. Má fhaigheann an bheirt ioncam inchánach, méadaítear an tsuim seo faoi cibé acu is lú den mhéid seo a leanas:
* €35,000
nó
* Suim ioncaim an chéile nó an pháirtnéara shibhialta leis an ioncam is lú.
Ní fhéadtar méadú an banda ráta caighdeánach a aistriú idir céilí agus páirtnéirí sibhialta.
Ciallaíonn sé seo go ngearrtar cáin ag 20% ar an gcéad €53,000 d’ioncam €54,200 Mary. Gearrtar cáin ag an ardráta 40% ar an gcuid eile dá hioncam.
Ós rud é go bhfuil ioncam ag John freisin, tá an lánúin i dteideal banda ráta méadaithe. Gearrtar cáin ag 20% ar an gcéad €35,000 d’ioncam €36,200 John. Gearrtar cáin ag an ardráta ar an gcuid eile d’ioncam Mháirtín.
|
Dliteanas Cánach Ioncaim Mary agus John do 2025
|
|
|
Suim
|
Cáin
|
|
Ioncam Mary
|
€54,200
|
|
|
Ioncam faoi cháin @ 20%
|
€53,000
|
€10,600
|
|
An fuílleach faoi cháin @ 40%
|
€1,200
|
€480
|
|
Cáin Ioncaim iomlán Mary
|
|
€11,080
|
|
Ioncam John
|
€36,200
|
|
|
Gearrtar cáin ag 20%
|
€35,000
|
€7,000
|
|
An fuílleach faoi cháin @ 40%
|
€1,200
|
€480
|
|
Cáin Ioncaim iomlán John
|
|
€6,000
|
|
Iomlán na Cánach Ioncaim ag Mary agus John
|
|
€18,560
|
|
Lúide creidmheasanna iomlán
|
|
€6,000
|
|
Cáin iníoctha
|
|
€12,560
|
Ar aghaidh: Measúnú ar leithligh