Pósadh agus páirtnéireachtaí sibhialta

Léargas ginearálta

Ó 2011 déileáiltear le gach lánúin phósta agus páirtnéireacht shibhialta chláraithe ar an gcaoi chéanna chun críocha cánach.

Má phósann tú, tá sé tábhachtach na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir. Is gá duit sonraí thabhairt maidir leis an méid seo:

Féadtar iarratas a dhéanamh do stádas sibhialta a thabhairt cothrom le dáta trí ‘Mo Phróifíl’ nó ‘Bainistigh Mo Thaifead’ in moChúrsaí. Ní mór an dá chéile a bheith cláraithe le haghaidh moChúrsaí chun an t-iarratas a fhíorú.

Caidrimh cláraithe thar lear

Chun críocha cánach, aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim póstaí agus páirtnéireachtaí sibhialta áirithe atá cláraithe thar lear. Ní aithneofar do phósadh eachtrach in Éirinn ach amháin sna cásanna seo a leanas:  

  • tá sé iontráilte ar chlár sibhialta na tíre inar tharla an searmanas
  • agus  
  • leanadh na foirmiúlachtaí dlíthiúla go léir.

Má aithníonn muid do phósadh nó páirtnéireacht shibhialta atá cláraithe thar lear, gearrfar cáin ort ar an gcaoi chéanna amhail is gur lánúin Éireannach sibh. Is gá duit sonraí maidir leis an méid seo a leanas a chur ar fáil ag na Coimisinéirí Ioncaim:

  • d’UPSP féin agus UPSP do chéile
  • dáta do chaidrimh chláraithe
  • dlínse do chaidrimh chláraithe
  • agus
  • teideal do chaidrimh chláraithe.

Tabhair do d’aire

Tar éis an tAcht um Phósadh, 2015, a rith, ní cheadaítear do lánúineacha páirtnéireacht shibhialta a chlárú in Éirinn. Ní aithnítear mar pháirtnéireachtaí sibhialta in Éirinn aon pháirtnéireachtaí a cláraíodh thar lear ó 16 Bealtaine 2016 ar aghaidh.

Ar aghaidh: Cánachas tar éis pósta nó clárúchán páirtnéireachta sibhialta