Pósadh agus páirtnéireachtaí sibhialta

Measúnú ar leithligh

Má tá tú faoi mheasúnú ar leithligh, gearrtar cáin ort agus ar do chéile nó páirtnéir sibhialta mar dhaoine singil i rith na bliana. Comhlánaíonn sibh beirt tuairisceán cánach singil ar leith.

Roinntear na creidmheasanna cánach seo a leanas, má tá siad éilithe agaibh, go cothrom eadraibh:

Creidmheasanna cánach, faoisimh agus bandaí ráta a leithdháileadh

Féadtar aon chreidmheasanna cánach, faoisimh agus banda ráta neamhúsáidte a aistriú idir dhá chéile nó páirtnéirí sibhialta. Tá sé seo mar an gcéanna leis an mbonn measúnaithe chomhpháirtigh. Mar gheall air seo, ní fhéadtar an méid seo a leanas a aistriú:

  • an Creidmheas Cánach Fostaí
  • Creidmheas Cánach i leith Ioncam tuillte
  • costais fostaíochta
  • an méadú sa bhanda ráta caighdeánach.

Féadtar ‘measúnú ar leithligh laistigh de chóimheasúnú’ a thabhairt ar mheasúnú ar leithligh freisin.

An chaoi le measúnú ar leithligh a iarraidh

Féadann tú féin, nó do chéile nó páirtnéir sibhialta measúnú ar leithligh a iarraidh. 

Féadtar measúnú ar leithligh a iarraidh agus do stádas sibhialta a thabhairt cothrom le dáta trí 'Mo Phróifíl' i moChúrsaí. Is gá do do chéile an t-iarratas a dheimhniú trí shíniú isteach ar moChúrsaí agus an stádas atá á nuashonrú a dheimhniú. De rogha air sin, féadtar d’iarratas a dhéanamh trí scríobh chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Féadtar é seo a dhéanamh trí M’Fhiosruithe in moChúrsaí. Féadtar aon doiciméad tacaíochta a uaslódáil freisin.

Ní mór an t-iarratas a bheith déanta idir 1 Deireadh Fómhair sa bhliain roimhe agus 31 Márta sa bhliain ina bhfuil tú ag iarraidh an bonn measúnaithe ar leithligh a chur i bhfeidhm. Mar shampla, chun go mbeifí faoin mbonn measúnaithe ar leithligh in 2026, ní mór an t-éileamh a bheith déanta idir 1 Deireadh Fómhair 2025 agus 31 Márta 2026.

Nuair a iarrann tú measúnú ar leithligh, ní fhéadtar é a shiardhátú agus fanann sé i bhfeidhm go dtí go n-iarrann tú é a athrú. Ní mór gurb é an céile nó páirtnéir sibhialta a rinne an t-iarratas an duine a tharraingíonn siar é.

Ar aghaidh: Déileáil ar leithligh