Pósadh agus páirtnéireachtaí sibhialta

Tionchar ar chreidmheasanna, faoisimh, agus tairseacha

Nuair a phósann tú nó nuair a théann tú isteach i bpáirtnéireacht shibhialta, féadfaidh sé do fhaoisimh, do chreidmheasanna agus do thairseacha a athrú. Beidh tionchar freisin ag an gcaoi a roghnaíonn tú measúnú a dhéanamh.

Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile

Féadfaidh tú an Creidmheas Cánach Cúramóra Baile a éileamh má chomhlíonann tú na coinníollacha agus má tá tú faoin mbonn cóimheasúnaithe nó faoin mbonn measúnaithe ar leithligh.

Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil

Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann an Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS) a éileamh. Má phósann tú ar an 2 Eanáir nó ina dhiaidh sin i mbliain a bhfuil éileamh á dhéanamh agat ina leith, ní tharraingeofar siar é. Leanfaidh tú de bheith ag éileamh CCCLDS don chuid eile den bhliain sin.

Tarraingítear siar an CCCLDS ansin do na blianta ina dhiaidh sin. Níl sé ar fáil do dhaoine aonair atá pósta nó i bpáirtéireacht shibhialta.

Costais sláinte

Féadtar éileamh a dhéanamh ar chostais sláinte a d'íoc tú féin, do chéile nó do pháirtnéir sibhialta.

Creidmheas Cánach Aoise

Má dhéantar cóimheasúnú oraibh nó má dhéantar measúnú ar leithligh oraibh, féadann bheirt agaibh Creidmheas Cánach Aoise a éileamh má tá duine agaibh 65 bliain d'aois nó níos sine. Tá sibh beirt i dteideal an chreidmheasa in ainneoin nach bhfuil ach duine amháin agaibh 65 bliain d'aois nó níos sine.

Má tá tú faoin mbonn measúnaithe déileála ar leithligh, ní mór don bheirt agaibh a bheith 65 bliana d’aois chun an Creidmheas Cánach Aoise iomlán atá ar fáil do lánúineacha a éileamh.

Díolúine agus faoiseamh imeallach

Má tá tusa nó do pháirtnéir 65 bliana d’aois nó níos sine agus má tá bhur n-ioncam iomlán níos lú ná an teorainn díolúine ní íocfaidh tú aon Cháin Ioncaim. Má théann d’ioncam de bheagán thar an teorainn díolúine, féadfaidh tú faoiseamh imeallach a éileamh. Ní fhéadtar é seo a éileamh má ghearrtar cáin ort ar bhonn déileála ar leithligh.

Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)

Baineann na tairseacha MSU leatsa agus le do chéile nó do pháirtnéir sibhialta mar dhaoine aonair. Ní féidir na tairseacha a chumasc ná a aistriú má bhíonn duine agaibh faoi thairseach agus an duine eile os a gcionn.

Ar aghaidh: Sócmhainní agus maoin a aistriú idir céilí agus páirtnéirí sibhialta