Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile

Léargas ginearálta

Féadfaidh tú an Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile a éileamh má tá tú pósta nó i gcomhpháirtíocht shibhialta, agus má tá tú ag tabhairt cúraim do chleithiúnach amháin nó níos mó.

Ní fhéadfaidh tú éileamh ach creidmheas amháin, is cuma cé mhéad duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dóibh.

Ní fhéadfaidh tú an creidmheas sin a éileamh más é an cleithiúnach do chéile nó do pháirtnéir sibhialta.

Ar aghaidh: Ag cáiliú don Chreidmheas Cánach do Chúramóir Baile