Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile
Rátaí an Chreidmheasa Cánach do Chúramóir Baile
Is é €1,700 an Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile le haghaidh 2023.
Chun na rátaí le haghaidh blianta roimhe seo a fheiceáil, féach na Cairteacha rátaí cánach, bandaí agus faoisimh.
Má shaothraíonn tú níos lú ná €7,200, féadfaidh tú an creidmheas cánach iomlán a éileamh. Ní áirítear Liúntas Cúramóra leis an tsuim a shaothraíonn tú, a thagann ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).
Má shaothraíonn tú níos mó ná €7,200, gheobhaidh tú creidmheas cánach laghdaithe. Sa chás sin, laghdófar faoi leath den difríocht idir d'ioncam agus €7,200, iomlán na gcreidmheasanna cánach a bheidh ar fáil.
Má tá d'ioncam €10,600 nó níos mó i rith 2023 ní fhéadfaidh tú an creidmheas cánach a éileamh ansin.
Scála aistrithe le haghaidh an Chreidmheasa Cánach do Chúramóir Baile
Má bhíonn d'ioncam os cionn €7,200, ríomhtar an difríocht idir d'ioncam iarbhír agus €7,200 agus déantar leath de ansin. Laghdaítear leis an tsuim sin ansin an Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile. Tugtar samplaí sa tábla seo a leanas den chaoi a ríomhtar an creidmheas cánach le haghaidh leibhéil ioncaim difriúla.
Samplaí den chaoi a ríomhtar an creidmheas cánach le haghaidh leibhéil ioncaim difriúla
Ioncam an Chúramóra Baile | Difríocht idir ioncam agus €7,200 | Leath an difríocht | Laghdú ar an gcreidmheas cánach |
€7,200 |
€7,200 - €7,200 = €0 |
€0 |
€1,700 - €0 = €1,700 |
€7,450 |
€7,450 - €7,200 = €250 |
€250 ÷ 2 = €125 |
€1,700 - €125 = €1,575 |
€7,700 |
€7,700 - €7,200 = €500 |
€500 ÷ 2 = €250 |
€1,700 - €250 = €1,450 |
€7,950 |
€7,950 - €7,200 = €750 |
€750 ÷ 2 = €375 |
€1,700 - €375 = €1,325 |
€8,200 |
€8,200 - €7,200 = €1,000 |
€1,000 ÷ 2 = €500 |
€1,700 - €500 = €1,200 |
€8,450 |
€8,450 - €7,200 = €1,250 |
€1,250÷ 2 = €625 |
€1,700 - €625 = €1,075 |
€8,700 |
€8,700 - €7,200 = €1,500 |
€1,500 ÷ 2 = €750 |
€1,700 - €750 = €950 |
€8,950 |
€8,950 - €7,200 = €1,750 |
€1,750 ÷ 2 = €875 |
€1,700 - €875 = €825 |
€9,200 |
€9,200 - €7,200 = €2,000 |
€2,000 ÷ 2 = €1,000 |
€1,700 - €1,000 = €700 |
€9,450 |
€9,450 - €7,200 = €2,250 |
€2,250 ÷ 2 = €1,125 |
€1,700 - €1,125 = €575 |
€9,700 |
€9,700 - €7,200 = €2,500 |
€2,500 ÷ 2 = €1,250 |
€1,700 - €1,250 = €450 |
€9,950 |
€9,950 - €7,200 = €2,750 |
€2,750 ÷ 2 = €1,375 |
€1,700 - €1,375 = €325 |
€10,200 |
€10,200 - €7,200 = €3,000 |
€3,000 ÷ 2 = €1,500 |
€1,700 - €1,500 = €200 |
€10,400 |
€10,400 - €7,200 = €3,200 |
€3,200 ÷ 2 = €1,600 |
€1,700 - €1,600 = €100 |
€10,600 |
€10,600 - €7,200 = €3,400 |
€3,400 ÷ 2 = €1,700 |
€1,700 - €1,700 = €0 |
Ar aghaidh: Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile agus do chéile nó do pháirtnéir sibhialta