Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile

Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile agus do chéile nó do pháirtnéir sibhialta

Ní fhéadfaidh tú an Ráta caighdeánach méadaithe ag an Scoithphointe a éileamh le haghaidh lánúnacha dhá ioncam agus an Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile. Cabhróidh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim leat fáil amach cé acu is fearr a oirfidh duitse.

Na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas go bhfuil tú ag fáil Liúntas Cúramóra

Ní chuirtear Liúntas Cúramóra, ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) san áireamh, nuair a bhítear ag seiceáil an bhfuil an Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile ag dul duit. Is foinse ioncaim é fós a bhféadfaí cáin a ghearradh air agus ba chóir duit scéala a thabhairt do d'Oifig Coimisinéirí Ioncaim maidir leis an tsuim atá tú a fháil.

Ar aghaidh: An Creidmheas Cánach do Chúramóir Baile a éileamh