In 2022, bhí Áine singil agus thuill sí €750 sa tseachtain.
Toisc go bhfuil Áine ina duine singil, an banda ráta atá aici ná €36,800 sa bhliain. Ba é €707.69 an tsuim sheachtainiúil (€36,800/52).
Ciallaíonn sé seo go ngearrtar cáin ag an ráta caighdeánach 20% ar an gcéad €707.69 de phá Áine. Gearrtar cáin ag an ardráta cánach 40% ar an iarmhéid €42.31 (€750 - €707.69).
Dliteanas cánach Áine (roimh creidmheasanna cánach, liúntais agus faoisimh)
Cur síos | Suim an pá | Ríomh | Cáin |
Banda ráta singil |
€707.69 |
€707.69 x 20% |
€141.53 |
Iarmhéid |
€42.31 |
€42.31 x 40% |
€16.92 |
Beidh creidmheasanna cánach, liúntais agus faoisimh i bhfeidhm ar a cuid tuilleamh.