Dhá phost nó níos mó

Léargas ginearálta

Caitheann an córas Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) le post amháin mar do phríomhfhostaíocht.  Leithdháileadh na Coimisinéirí Ioncaim na creidmheasanna cánach agus banda ráta i leith an phoist sin.

Má tá dhá phost (nó níos mó) agat ag an am céanna, féadtar do chreidmheasanna cánach agus bandaí ráta a roinnt idir na poist. Seolfaidh muid Deimhniú Creidmheasanna Cánach chugat. 

Ar aghaidh: Céard a chaithfear a dhéanamh má tá dhá phost agat