Dhá phost nó níos mó

Céard a chaithfear a dhéanamh má tá dhá phost agat

Tá dualgas ar d’fhostóir d’fhostaíocht nua a chlárú, seachas sa chás gurb é do chéad fostaíocht sa Stát é. Ba chóir do do chuid fostóirí d’fhostaíocht a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim trí Fhógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) a iarraidh ar do shon.

Le cinntiú go n-íocann tú an tsuim cheart chánach, féadtar do chreidmheasanna cánach agus banda ráta a leithdháileadh idir d’fhostaíochtaí reatha agus nua. Féadtar é seo a dhéanamh in moChúrsaí trí 'Seirbhísí ÍMAT' nó trí theagmháil a dhéanamh linn. Cuirfear FPCI ar fáil, ar iarratas ó d'fhostóirí, ina dtugtar treoir dóibh i leith na n-asbhaintí cearta atá le déanamh.

Ar aghaidh: Creidmheasanna cánach agus bandaí ráta a roinnt idir poist