Do Cháin Ioncaim a ríomh

Céard is pá comhlán agus pá incháinithe ann?

Pá comhlán

Is éard is pá comhlán ann ná íocaíocht d’aon chineál lena n-áirítear:

  • pá barúlach
  • luach saothair scairbhunaithe
  • pá fostaithe sula ndéantar ranníocaíochtaí pinsin nó asbhaintí géillte tuarastail.

Pá incháinithe

Is éard is pá incháinithe ann ná do phá comhlán, lúide aon ranníocaíochtaí a dhéanann tú i dtaca leis an méid seo:

  • Scéim pinsin ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
  • Scéim Buansochair Sláinte (Leanúnachas Ioncaim) ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
  • Socrú Géillte Tuarastail
  • Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (CCSP)
  • Conradh Blianachta Scoir (CBS).

Déantar na suimeanna seo a asbhaint ó do phá comhlán sula ríomhann d’fhostóir do cháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar phá comhlán agus pá incháinithe i gCaibidil 3 den Employer's Guide to PAYE.

Ar aghaidh: Céard is banda ráta cánach ann?