Tairgí pinsin

Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta (CCSP)

Is éard is CCSP ann ná táirge pinsin phearsanta a fhéadann tú agus d'fhostóir a mhaoiniú. Ní bhaineann an táirge seo go sonrach le fostaíocht aonair. Féadtar fostaíochtaí a athrú agus leanúint den CCSP céanna a úsáid. Mura gcuireann d'fhostóir scéim pinsin ceirde ar fáil, ní mór dóibh rochtain a thabhairt duit ar ar a laghad CCSP caighdeánach amháin.

Féadtar sochair a ghlacadh ó CCSP ó aois 60. Féadfaidh sealbhóir CCSP cistí a tharraingt anuas óna CCSP de réir mar is mian leo. Meastar CCSP a bheith dílsithe nuair a shroicheann an sealbhóir 75 bliain d'aois, ach tá íostarraingtí fós incheadaithe tar éis dó seo tarlú. Éiríonn CCSP dílsithe faoi réir an chórais dáileacháin measta. Cuireann sé seo dáileadh barúlach bliantúil i bhfeidhm ón gciste gach bliain. Ciallaíonn sé seo go meastar céatadán seasta den chiste a bheith tarraingthe anuas go bliantúil, is cuma cé acu ar tógadh nó nár tógadh é.

Chun tuilleadh eolais a fháil CCSP, féach Pension Manual Chapter 24. Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar cad is CCSP dílsithe ann agus ar an gcóras dáileacháin measta, féach Pension Manual Chapter 28.

Féadtar na rialacha maidir le Bás le linn seirbhíse do CCSP a fháil in Pension Manual Chapter 24.

Ba chóir duit gach ceist a bhaineann le do CCSP a threorú chuig an soláthraí/na soláthraithe polasaí.

Ar aghaidh: Scéimeanna pinsin ceirde