Tairgí pinsin

Scéimeanna pinsin ceirde

Aois scoir

Is é an raon aoise scoir do scéimeanna pinsin ceirde ná idir 60 agus 70 bliain d'aois. Féadfaidh tú dul ar scor go luath, mar shampla, idir 50 agus 60 bliain d'aois. Má tá, ní mór duit d'fhostaíocht a fhágáil nuair a thosaíonn tú ag fáil sochair.

Ba chóir duit gach ceist a bhaineann le do scéim pinsean ceirde a threorú chuig riarthóirí na scéime pinsin.

Ba chóir duit gach ceist a bhaineann le Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise (RSB) a threorú chuig:

  • Soláthraí RSB
  • riarthóir na scéime pinsin ceirde nasctha.

Scor

Ní mór gach scéim pinsin ceirde a bhaineann leis an bhfostaíocht chéanna, lena n-áirítear RSB, a ghlacadh ag an am céanna.

Bás le linn seirbhíse

Féadtar na rialacha maidir le Bás le linn seirbhíse do scéimeanna pinsin ceirde a fháil in Pension Manual Chapter 10.

Aistriú scéimeanna pinsin ceirde

Roimh Eanáir 2022, bhí aistrithe ceadaithe ag baill den scéim pinsin ceirde a raibh níos lú ná 15 bliain seirbhíse acu.

Ón 1 Eanáir 2022, féadfaidh tú sochair do scéime pinsin ceirde a aistriú chuig Cuntais Choigiltis Scoir Phearsanta (CCSP). Féadann an t-aistriú tarlú gan aird a thabhairt ar an bhfad ama a bhí tú i do bhall den scéim pinsin.

Ar aghaidh: Tairgí pinsin