Do Cháin Ioncaim a ríomh

An chaoi a ríomhtar do Cháin Ioncaim

Má íoctar go seachtainiúil thú, is mar seo a ríomhtar do Cháin Ioncaim:

  • tríd an ráta caighdeánach 20% a chur i bhfeidhm ar an ioncam i do bhanda ráta seachtainiúil
  • tríd an ardráta 40% a chur i bhfeidhm ar aon ioncam os cionn do bhanda ráta sheachtainiúil
  • suimigh an dá shuim thuas 
  • asbhain suim do chreidmheasanna seachtainiúla cánach ón iomlán seo.

Má íoctar go coicísiúil nó go míosúil thú, tá na prionsabail chéanna i bhfeidhm.

Féadtar teacht ar an mbanda ráta i gcás na bliana reatha agus na ceithre bliana roimhe sna Cairteacha rátaí cánach, bandaí agus faoisimh. Taispeánfar do bhanda ráta ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC).

Taispeánann na samplaí thíos an chaoi a n-oibríonn sé seo. (Ní chuirtear an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) san áireamh iontu, ach féadtar é a fheiceáil in Do MSU a Ríomh).

Féadtar úsáid a bhaint asbileog oibre chun do cháin a ríomh.

Is gnách go ríomhtar cáin sa phárolla leis an ‘mbonn carnach’ le haghaidh gach lá pá. Carntar an t-ioncam agus na creidmheasanna cánach ón 1 Eanáir le cinntiú go bhfuil an cháin cheart íoctha agat. Cinntíonn sé seo go bhfuair tú sochar do chreidmheasanna cánach go dáta.

Uaireanta, déantar cáin a ríomh ar bhonn Sheachtain 1. Ciallaíonn an méid seo go gcaitear le gach lá pá leis féin, ar leithligh ó sheachtainí roimhe sin. Ní charntar ioncam ná creidmheasanna cánach ón 1 Eanáir.

Ar aghaidh: Céard is pá comhlán agus pá incháinithe ann?