Ranníocaíochtaí pinsin an fhostaí

Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (CCSP)

Is éard is CCSP ann ná cuntas coigiltis fadtéarma deartha chun cabhrú le daoine sábháil le haghaidh scoir. Tá sé ar fáil ó sholáthraithe CCSP a bhfuil a dtáirgí ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus ag an Údarás Pinsean.

Mar fhostóir, mura gcuireann tú scéim pinsin ceirde ar fáil, ní mór duit rochtain ar CCSP Caighdeánach a chur ar fáil.

Féadtar ranníocaíochtaí CCSP a asbhaint ó phá comhlán d’fhostaí faoin socrú glanphá nuair atá a gcáin á ríomh. De rogha air sin, féadann d’fhostaí faoiseamh cánach a éileamh go díreach ó na Coimisinéirí Ioncaim. Tabharfar é seo mar chreidmheas cánach ar a bhFógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI).

Níor chóir ranníocaíochtaí CCSP a asbhaint ó phá comhlán d’fhostaí nuair atá an méid a leanas é ríomh agat:

Ar aghaidh: Táirgí Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU)