Ranníocaíochtaí pinsin an fhostaí

Cineálacha ranníocaíochtaí pinsin

Gnáthranníocaíochtaí

Féadtar gnáth-ranníocaíocht d'fhostaí le plean scoir atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a asbhaint óna bpá comhlán agus a gcáin á ríomh.

Níor chóir duit na ranníocaíochtaí seo a asbhaint ó phá comhlán d'fhostaí nuair atá an méid seo a leanas á ríomh agat:

Ranníocaíochtaí speisialta

Féadfaidh sé go bhfaighidh d'fhostaí creidmheasanna cánach le haghaidh aon ranníocaíochtaí speisialta a dhéanann siad amhail íocaíochtaí aonuaire. Cuirfear iad seo san áireamh ina nDeimhniú Creidmheasanna Cánach. Níor chóir na ranníocaíochtaí seo a asbhaint óna bpá comhlán agus a gcáin, MSU agus ÁSPC á ríomh.

Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise (RSB)

Féadfaidh fostaithe atá ina mbaill de scéimeanna pinsin ceirde rogha a ghlacadh RSB a dhéanamh óna bpá.

Nuair is cuí, féadtar faoiseamh cánach a dheonú faoin socrú glanphá.

Níor chóir duit RSB a asbhaint ó phá comhlán d'fhostaí nuair atá a MSU agus ÁSPC á ríomh agat.

Ranníocaíochtaí comhiomlánaithe

Baineann teorainneacha le haghaidh faoiseamh cánach leis an tsuim iomlán a d'íoc d'fhostaí isteach i ngach ceann díobh seo a leanas:

  • Scéimeanna pinsin ceirde
  • Conarthaí Blianachta Scoir (RAC)
  • Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta (cuntais CCSP)
  • Soláthraí Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU).

Íocaíochtaí foirceanta

Má dhéanann tú íocaíocht foirceanta le d'fhostaí, féadfaidh sé go mbeidh ort cáin a asbhaint ó chuid den íocaíocht seo. Níor chóir an chuid seo a chur san áireamh ina bpá agus an teorainn le haghaidh faoisimh do ranníocaíochtaí pinsin á ríomh.

Le haghaidh tuilleadh eolais a fhoirceannadh, féach Íocaíochtaí cnapshuime.

Aisíocaíocht ar ranníocaíochtaí pinsin fostaithe

Chun eolas a fháil ar an gcaoi le ranníocaíochtaí pinsin d'fhostaí a aisíoc, féach Míreanna nach gcaitear leo mar phá.

Ar aghaidh: Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (CCSP)