Ranníocaíochtaí pinsin an fhostaí

Táirgí Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU)

Is éard is TPPU ann ná táirge pinsin phearsanta fadtéarmach deartha chun cabhrú le daoine sábháil le haghaidh scoir. Is é Banc Ceannais na hÉireann an tÚdarás Inniúil in Éirinn le haghaidh TPPU agus formheasann sé táirgí TPPU.

Féadtar ranníocaíochtaí TPPU a asbhaint ó phá comhlán d’fhostaí faoi shocrú glanphá nuair atá a gcáin á ríomh. De rogha air sin, féadann d’fhostaí faoiseamh cánach a éileamh go díreach ó na Coimisinéirí Ioncaim. Tabharfar é seo mar chreidmheas cánach ar a bhFógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI).

Níor chóir duit ranníocaíochtaí TPPU a asbhaint ó phá comhlán d'fhostaí nuair atá an méid seo a leanas á ríomh agat:

Ar aghaidh: Conarthaí Blianacht Scoir (CBS)