Ranníocaíochtaí pinsin an fhostaí

Léargas ginearálta

Féadfaidh sé go n-ísleofaí an méid cánach nach mór do d'fhostaí a íoc má dhéanann siad ranníocaíochtaí pinsin. Féadfar na ranníocaíochtaí seo a asbhaint ó phá comhlán an fhostaí nuair atá a gcáin á ríomh.

Níor chóir duit na ranníocaíochtaí seo a asbhaint ó phá comhlán d'fhostaí nuair atá an méid a leanas á ríomh agat:

Níor chóir go sáródh ranníocaíochtaí d'fhostaí ina n-iomláine na teorainneacha ar fhaoiseamh cánach i dtaca le ranníocaíochtaí pinsin. Áirítear le ranníocaíochtaí ina iomláina gnáthranníocaíochtaí, Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise (RSB) agus ranníocaíochtaí speisialta.

Tabharfar míniú sa chuid seo ar na cistí agus scéimeanna pinsin éagsúla atá ar fáil do d'fhostaí. Cabhróidh sé leat freisin a nglanphá a ríomh.

Ar aghaidh: Cineálacha ranníocaíochtaí pinsin