Ranníocaíochtaí pinsin an fhostaí

Conarthaí Blianacht Scoir (CBS)

Féadfaidh d'fhostaí ranníocaíochtaí a dhéanamh i gConradh Blianachta Scoir (CBS), atá ina chineál ar leith conartha arna cheadú ag na Coimisinéirí Ioncaim. Féadtar na conarthaí seo a fháil go díreach ó chuideachtaí árachais saoil agus ó chomhairleoirí airgeadais.

Féadfaidh tú ranníocaíochtaí CBS a asbhaint de phá comhlán d'fhostaí faoin socrú maidir le glanphá nuair atá cáin an fhostaí á ríomh agat. Níor chóir duit na ranníocaíochtaí seo a asbhaint ó phá comhlán d'fhostaí nuair atá an méid a leanas á ríomh agat: