Íocaíochtaí cnapshuime

Léargas ginearálta

Féadfaidh sé go bhfaighidh tú íocaíocht chnapshuime ar iomarcaíocht nó ar scor ó d'fhostóir. Féadfaidh íocaíocht chnapshuime ar chríochnú fostaíochta a bheith díolmhaithe ó cháin, nó féadfaidh sé cáiliú le haghaidh faoiseamh cánach.

Ní bheidh tú faoi dhliteanas cáin a íoc ach amháin ar mhéid d'íocaíochta atá níos mó ná cibé acu:

Tabhair do d’aire 

Tá cnapshuim a íoctar faoi théarmaí conartha fostaíochta incháinithe go hiomlán. Ní cháilíonn na híocaíochtaí cnapshuime seo le haghaidh díolúine ná le haghaidh faoiseamh.

Déanann an rannán seo tagairt d’íocaíochtaí cnapshuime a fhaightear tar éis d’iomarcaíochta nó tar éis duit dul ar scor. Ní chuimsíonn sé faisnéis ar chnapshuim do scéime pinsin. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcánachas a bhaineann le híocaíochtaí cnapshuime pinsin, féach Cáin ar chnapshuimeanna scoir.

Íocaíocht in áit fógra

Féadfaidh sé go mbeidh foráil i do chonradh fostaíochta d’íocaíocht in áit fógra. Má tá, beidh an chuid seo den chnapshuim incháinithe mar phá agus níl feidhm ag díolúintí. Mura bhfuil, féadtar an chuid seo den chnapshuim a chur san áireamh i d'íocaíocht foirceanta cnapshuime agus féadfaidh sé go gcáileofaí do na díolúintí.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí foirceanta eile atá díolmhaithe ó cháin