Íocaíochtaí cnapshuime

Díolúine bhunúsach

Is é €10,160 an díolúine bhunúsach, móide €765 do gach bliain iomlán a raibh tú ag obair do d'fhostóir. Beidh íocaíocht foirceanta ó d'fhostóir saor ó cháin mura sháraíonn sé an díolúine bhunúsach.

Is féidir leat an méid seo a leanas a chomhaireamh i dtreo obair bliana iomláine:

  • am a caitheadh ag obair roimh agus tar éis sos gairme
  • tréimhse roinnte poist nó obair pháirtaimseartha
  • obair do chuideachtaí grúpa, agus an obair uile déanta in Éirinn.

Ní fhéadtar sos gairme a chomhaireamh i dtreo obair bliana iomláine.

Níl aon teorainn leis an líon uaireanta is féidir leat leas a bhaint as an díolúine bhunúsach ar choinníoll:

  • go bhfaigheann tú na híocaíochtaí foirceanta cnapshuime ó fhostóirí éagsúla neamhnasctha
  • agus
  • nach sáraíonn tú teorainn ama saoil €200,000.

Sampla

Thosaigh Seán ag obair ar an 1 Bealtaine 2000. Ghlac sé sos gairme ó 1 Márta 2010 go 1 Iúil 2013. Cuireadh ar iomarcach é an 30 Meán Fómhair 2023.

Ríomhtar a thréimhse seirbhíse leis an gcuideachta mar seo a leanas:

1 Bealtaine 2000 - 1 Márta 2010 = 9 mbliana 10 mí

1 Márta 2010 - 1 Iúil 2013 (Sos gairme)

1 Iúil 2013 - 30 Meán Fómhair 2023 = 10 mbliana 3 mí

Is é 20 bliain a líon iomlán blianta seirbhíse.

Ríomhtar díolúine bhunúsach Sheáin mar €10,160 + (€765 x 20) = €25,460

Ní bheidh ar Sheán cáin a íoc ar aon íocaíocht foirceanta a fhéadfaidh sé a fháil óna fhostóir nuair nach mó é ná €25,460.

Ar aghaidh: Díolúine mhéadaithe