Íocaíochtaí cnapshuime
Díolúine mhéadaithe
Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal méadú €10,000 ar an díolúine bhunúsach sna cásanna seo a leanas:
- nach bhfuair tú suim sa bhreis ar an díolúine bhunúsach sna deich mbliana roimhe sin
- agus
- nach bhfuil tú mar bhall de scéim pinsin ceirde
- nó
- go bhfuil tú i do bhall de scéim pinsean ceirde, ach go dtugann tú suas do cheart chun cnapshuim saor ó cháin a fháil ón scéim sin.
Féadfaidh sé go bhfuil tú dlite chun cnapshuim saor ó cháin a fháil ó do scéim pinsin. Má tá, asbhainfear an chnapshuim ón €10,000 breise mura dtarscaoileann tú do cheart chun é a fháil. Mura bhfuil an íocaíocht chnapshuime saor ó cháin dlite go fóill, bainfear luach reatha na híocaíochta sin ón €10,000.
Má tá an chnapshuim saor ó cháin ó do scéim pinsin níos mó ná €10,000, ní cháileoidh tú don díolúine mhéadaithe. Má tá sé níos lú ná €10,000, beidh tú incháilithe don díolúine mhéadaithe lúide méid na cnapshuime.
Féadfaidh sé gur aontaigh tú le do sholáthraí pinsin nach bhfaighidh tú íocaíocht chnapshuime choíche. Ní mór duit d’fhostóir a chur ar an eolas faoin gcomhaontú seo ionas go bhfaightear an díolúine mhéadaithe.
Ní fhéadfar an díolúine mhéadaithe a dheonú ach uair amháin i dtréimhse deich mbliana. Ní theastaíonn cead ó na Coimisinéirí Ioncaim uait sula mbainfidh tú leas as an méadú ar an díolúine bhunúsach.
Sampla
Bhí Tomás ag obair dá fhostóir ar feadh 35 bliain agus fuair sé íocaíocht chnapshuime €200,000 óna fhostóir ar scor dó. Ní bhfuair sé íocaíocht foirceanta saor ó cháin riamh roimhe seo. Tá cnapshuim saor ó cháin €5,000 faighte aige óna scéim pinsin.
Seo a leanas díolúine bhunúsach iomlán Thomáis:
Díolúine bhunúsach Chaighdeánach (€10,160 + [€765 x 35])
|
€36,935
|
Méadú ar an Díolúine Bhunúsach (€10,000 - €5,000)
|
€5,000
|
Iomlán
|
€41,935
|
Féadfaidh Tomás suas le €41,935 a fháil óna fhostóir saor ó cháin.
Dá mba é €12,000 an tsuim saor ó cháin a fuair Tomás óna scéim pinsin, ní bheadh an t-ardú ar an díolúine bhunúsach ar fáil.
Ar aghaidh: Íocaíochtaí cnapshuime