Íocaíochtaí cnapshuime
Íocaíochtaí foirceanta eile atá díolmhaithe ó cháin
Iomarcaíocht reachtúil
Má rinneadh iomarcach thú, d’fhéadfá cáiliú d'íocaíocht cnapshuime faoin Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967. Tá an íocaíocht seo díolmhaithe ó Cháin Ioncaim agus ón Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU). Chun tuilleadh eolais a fháil ar do theidlíochtaí, féach an t-áireamhán iomarcaíochta ar an suíomh idirlín MyWelfare .
Díolúine d'athoiliúint ar iomarcaíocht
Má íocann d'fhostóir an costas a bhaineann le tú a athoiliúint mar chuid de phacáiste iomarcaíochta, beidh an costas seo díolmhaithe ó Cháin Ioncaim ar choinníoll:
- má tá níos mó ná dhá bhliain de sheirbhís leanúnach agat le d'fhostóir
- tá an athoiliúint mar chuid de phacáiste iomarcaíochta
- tá an athoiliúint deartha chun feabhas a chur ar do scileanna nó ar d'eolas chun cabhrú le fostaíocht a fháil nó gnó a bhunú
- cuirtear an athoiliúint i gcrích laistigh de shé mhí ón iomarcaíocht
- agus
- níl an costas níos mó ná €5,000.
Íocaíochtaí a rinneadh mar gheall ar bhás, gortú nó míchumas
D’fhéadfá íocaíocht chúitimh a fháil má dhéanann timpiste san ionad oibre:
- gortú duit a chuireann cosc ort leanúint ar aghaidh ag obair do d’fhostóir
- nó
- is cúis le do bhás.
Féadfaidh aon íocaíochtaí a dhéantar sna cúinsí seo a bheith díolmhaithe ó Cháin Ioncaim agus MSU suas le teorainn saoil €200,000.
Ar aghaidh: Sochar Caighdeánach Aoisliúntais Caipitil (SCAC)