Íocaíochtaí cnapshuime

Cúiteamh as athrú ar chleachtais oibre

Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal íocaíocht chnapshuime ó d’fhostóir mar chúiteamh ar athrú i ndualgais. Samplaí de na hathruithe seo is ea:

  • nuair a thagann athrú ar chleachtais oibre mar gheall ar theicneolaíocht nua a thabhairt isteach
  • nuair a bhogtar d'ionad oibre ó áit amháin go háit eile.

Áirítear na híocaíochtaí seo mar phá, agus gearrtar cáin orthu ar an ngnáthbhealach.

Ar aghaidh: Díolúine bhunúsach