Phós Alex agus Sam ar an 10 Iúil 2025. Leantar de cháin a ghearradh orthu mar dhaoine singil do 2025.
Mar dhaoine singil, d'íoc siad €8,100 san iomlán i gCáin Ioncaim don bhliain. D'íoc Alex €7,050 agus d'íoc Sam €1,050.
Dá ndéanfaí cóimheasúnú orthu, bheadh €6,900 íoctha acu.
Is é €1,200 an difríocht idir an dá shuim.
Ós rud é go raibh siad pósta ar feadh sé mhí den bhliain, tá aisíocaíocht €600 ar fáil (€1,200×6÷12).