Pósadh agus páirtnéireachtaí sibhialta

Déileáil ar leithligh

Faoin mbonn déileála ar leithligh, gearrtar cáin ort agus ar do chéile nó do pháirtnéir sibhialta amhail is nach raibh sibh pósta ná i bpáirtnéireacht shibhialta. Féadtar ‘measúnú singil’ a thabhairt ar an mbonn déileála ar leithligh.

Maidir leatsa agus le do chéile nó páirtnéir sibhialta:

  • ní ghearrtar cáin oraibh araon ach ar bhur n-ioncam féin amháin
  • faigheann sibh na creidmheasanna cánach agus banda ráta caighdeánach atá dlite do dhuine singil
  • íocann sibh bhur gcáin féin
  • comhlánaíonn sibh bhur dtuairisceáin chánach ar leithligh
  • agus
  • éilíonn sibh bhur gcreidmheasanna cánach féin.

Ní fhéadtar do chreidmheasanna cánach, faoisimh nó bandaí ráta neamhúsáidte a aistriú chuig do chéile nó do pháirtnéir sibhialta. Is é seo an phríomhdhifríocht idir an bonn déileála ar leithligh agus an bonn measúnaithe ar leithligh.

Ní fhéadtar an Creidmheas Cánach do Chúramóra Baile a éileamh má dhéantar measúnú ort faoin mbonn déileála ar leithligh.

Féadfaidh sé nach é an bonn déileála ar leithligh an rogha is fearr duit. D'fhéadfadh sé, mar thoradh air, go n-íocfaidh tú níos mó cánach mar lánúin ná mar a d’íocfá dá mbeifí faoi bhonn measúnaithe ar leithligh nó faoin mbonn cóimheasúnaithe. Tarlóidh sé seo mura dtuilleann ceachtar agaibh a ndóthain chun bhur gcreidmheasanna cánach pearsanta, faoisimh nó bandaí ráta uile a úsáid.

An chaoi le hiarratas a dhéanamh ar an mbonn déileála ar leithligh

Féadfaidh tú an bonn déileála ar leithligh a iarraidh trí 'M’Fhiosruithe' in moChúrsaí. Féadtar aon doiciméid tacaíochta a uaslódáil freisin.

Ní mór an t-iarratas a bheith déanta sa bhliain ina bhfuil tú ag iarraidh an bonn déileála ar leithligh a chur i bhfeidhm. 

Nuair a iarrann tú a bheith faoin mbonn déileála ar leithligh, ní fhéadtar é a shiardhátú agus leanann sé ar aghaidh go dtí go ndéanann tú iarratas é a athrú. Ní mór gurb é an céile nó páirtnéir sibhialta a rinne an t-iarratas an duine a tharraingíonn siar é. 

Ar aghaidh: An chaoi a n-imríonn cónaitheacht do pháirtnéara tionchar ar an gcáin a íocann tú