In 2025, bhí ioncam €54,200 ag Peadar ó fhostaíocht Éireannach. Tá céile Pheadair, Tom, neamhchónaitheach agus tá ioncam infheistíochta eachtrach €13,200 aige.
Mar dhuine singil tá banda ráta caighdeánach de €44,000 ag Peadar.
Creidmheasanna cánach Pheadair le haghaidh 2025
|
Creidmheasanna
|
Suim
|
|
Creidmheas Cánach Pearsanta
|
€2,000
|
|
Creidmheas Cánach Fostaí
|
€2,000
|
|
Iomlán
|
€4,000
|
Dliteanas Cánach Ioncaim Pheadair le haghaidh 2025 mar dhuine singil
|
Iomlán
|
Luachanna
|
Suim
|
|
Ioncam iomlán
|
|
€54,200
|
|
Ioncaim faoi cháin @ 20%
|
€44,000
|
€8,800
|
|
Ioncaim faoi cháin @ 40%
|
€10,200
|
€4,080
|
|
Iomlán na Cánach Ioncaim
|
|
€12,880
|
|
Lúide creidmheasanna
|
|
€4,000
|
|
Cáin iníoctha
|
|
€8,800
|
Tar éis 31 Nollaig, rinne Peadar cinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar a chúrsaí. Sheiceáil sé cé mhéid Cánach Ioncaim a bheadh dlite le híoc aige dá ngearrfaí cáin air faoi mheasúnú comhpháirteach in Éirinn.
Mar an céile inmheasúnaithe, tá banda ráta caighdeánach do lánúineacha pósta de €53,000 ag Peadar. Toisc go bhfuil ioncam inchánach ag Peadar agus Tom araon, tá an banda ráta méadaithe dlite dóibh. Is é seo an méid is lú de €35,000 nó ioncam an duine is lú a thuilleann. Sa chás seo, is é Tom an duine is lú a thuilleann, agus méadaítear an banda ráta caighdeánach de ioncam Tom ó €13,200, go €66,200.
Creidmheasanna Cánach Pheadair agus Tom le haghaidh 2025
|
Creidmheasanna
|
Suim
|
|
Creidmheas Cánach do Dhaoine Pósta nó Páirtnéirí Sibhialta
|
€4,000
|
|
Creidmheas Cánach d’Fhostaithe ÍMAT
|
€2,000
|
|
Iomlán
|
€6,000
|
Dliteanas Cánach Ioncaim Pheadair agus Tom le haghaidh 2025
|
Iomlán
|
Luachanna
|
Suimeanna
|
|
Ioncam iomlán
|
|
€67,400
|
|
Ioncaim faoi cháin @ 20%
|
€66,200
|
€13,240
|
|
Ioncaim faoi cháin @ 40%
|
€1,200
|
€480
|
|
Iomlán na Cánach Ioncaim
|
|
€13,720
|
|
Lúide creidmheasanna
|
|
€6,000
|
|
Cáin iníoctha
|
|
€7,720
|
Tá níos mó Cánach Ioncaim dlite le híoc ag Peadar nuair a ghearrtar cáin air mar dhuine singil (€8,880) ná mar a bheadh dá ngearrfaí cáin air faoi mheasúnú chomhpháirtigh (€7,720).
Féadann Peadar faoiseamh um chomhiomlánú a éileamh. Gheobhaidh sé cuid den fhaoiseamh toisc go bhfuil ioncam ag a fhear céile. Gheobhaidh sé sciar de 80.42% mar gurb é an céatadán den ioncam Éireannach a thuilltear ná 80.42% (€54,200 de €67,400 = 80.42%).
Ríomh an fhaoisimh
|
Iomlán
|
Ríomh
|
Suim
|
|
Cáin iníoctha faoin mbonn cóimheasúnaithe
|
|
€7,720
|
|
Faoiseamh comhréireach (79%)
|
€54,200/€67,400
|
€6,208
|
|
Faoiseamh dlite
|
€8,800 – €6,208
|
€2,672
|
Tá aisíocaíocht chánach €2,672 dlite do Pheadar faoin bhfaoiseamh um chomhiomlánú.
Ní mór an t-éileamh ar fhaoiseamh um chomhiomlánú a dhéanamh trí Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 12) a thíolacadh, agus ní mór dearbhú maidir le hioncam eachtrach Tom a bheith san áireamh ann.