Cónaitheacht chánach

Cáin agus creidmheasanna cánach do neamhchónaitheoirí

Más duine neamhchónaitheach thú, beidh tionchar ag do ghnáthchónaitheacht agus do shainchónaitheacht ar an gcaoi a ngearrtar cáin ort.

Le tuilleadh eolais a fháil, féach Aguisín a hAon den Tax and Duty Manual Part 34-00-01.

Creidmheasanna cánach do dhaoine neamhchónaitheacha

Saoránaigh nó náisiúnaigh an Aontais Eorpaigh (AE)

Faigheann tú creidmheasanna cánach iomlána ar bhonn carnach má bhíonn ar a laghad 75 faoin gcéad de d’ioncam domhanda inchánach in Éirinn.

Féadfaidh tú sciar de chreidmheasanna cánach a fháil má tá níos lú ná 75 faoin gcéad de d’ioncam domhanda incháinithe in Éirinn. Déantar an sciar a chinneadh de réir an choimheasa idir ioncam ó fhoinsí Éireannacha agus ioncam iomlán an duine aonair. 

Saoránach tíre a bhfuil conradh cánach aici le hÉirinn

Más ó Éirinn an t-aon fhoinse ioncaim atá agat, gheobhaidh tú creidmheasanna iomlána cánach ar bhonn carnach.

Má tá foinse ioncaim agat nach ó Éirinn í, féadfaidh tú sciar de creidmheasanna cánach a fháil.

Neamhchónaitheoirí eile

Ní fhaigheann aon neamhchónaitheoirí eile aon chreidmheasanna cánach.

Ar aghaidh: Céard is Ordú Eisiaimh ÍMAT ann?