Cónaitheacht chánach

Ag bogadh go hÉirinn nó amach as Éirinn le linn na bliana cánach

D'fhéadfá a bheith ag teacht chun cónaí in Éirinn nó ag filleadh ar ais go hÉirinn tar éis duit cónaí thar lear ar feadh roinnt blianta. Má tá, is féidir leat éileamh a dhéanamh ar bhonn bliana scoilte sa bhliain a thagann tú.

D'fhéadfá a bheith ag fágáil na hÉireann go buan agus é i gceist agat dul i mbun fostaíochta thar lear. Má tá, féadtar éileamh a dhéanamh ar bhonn bliana scoilte sa bhliain a fhágann tú.

Ar aghaidh: Cáin agus creidmheasanna cánach do neamhchónaitheoirí