Bogadh go hÉirinn nó filleadh ar Éirinn

Léargas ginearálta

Mínítear sa rannán seo cén chaoi a n-imrítear tionchar ar do chúrsaí cánach má tá tú díreach bogtha go hÉirinn nó má tá tú ag filleadh ó áit thar lear.

Braitheann an méid cánach Éireannaí a íocann tú:

  • ar do stádas cónaitheachta
  • cén áit as a dtagann d’ioncam
  • cén áit a gcuireann tú dualgais do thrádála, do ghairme beatha nó d’fhostaíochta i gcrích.

Má tá earraí nó do charr á thabhairt go hÉirinn agat ó áit thar lear, féadfaidh sé go mbeidh ort cáin a íoc orthu. Féach ar an rannán Custaim le haghaidh daoine aonair chun tuilleadh eolais a fháil.

Ar aghaidh: An córas cánach in Éirinn