Bogadh go hÉirinn nó filleadh ar Éirinn
Bonn bliana scoilte sa bhliain a thagann tú
Féadtar bonn bliana scoilte a iarraidh ar d'ioncam fostaíochta sa bhliain a bhogann tú go hÉirinn, más amhlaidh mar a leanas:
- tá tú cónaitheach in Éirinn sa bhliain sin
- ní raibh tú cónaitheach in Éirinn sa bhliain roimhe sin
- agus
- beidh tú cónaitheach in Éirinn sa bhliain tar éis duit teacht anseo.
Baineann bonn bliana scoilte le hioncam fostaíochta amháin.
Gearrtar cáin ar d’ioncam fostaíochta ar fad, ar an ngnáthbhealach, ón dáta a thagann tú go hÉirinn. De ghnáth, gheobhaidh tú creidmheasanna cánach na bliana go léir sa bhliain a thagann tú.
Déantar neamhaird d'ioncaim fostaíochta a ghóthaítear thar lear sa bhliain sin roimh theacht duit go hÉirinn chun críocha cánach in Éirinn.
Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh
Féadfaidh tú iarratas le haghaidh bonn bliain scoilte a dhéanamh i scríbhinn:
Má bhog tú go hÉirinn tar éis an 31 Nollaig 2024. Sa chás sin, féadtar bonn bliain scoilte a éileamh don bhliain a tháinig tú trí Thuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh.
Ar aghaidh: Faoisimh bhreise