Bogadh go hÉirinn nó filleadh ar Éirinn

Faoisimh bhreise

Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal roinnt liúntas agus faoiseamh breise a éileamh má bhog tú go hÉirinn nó má d’fhill tú ar Éirinn le haghaidh oibre.

Faoiseamh Imirceora Ballstáit

Féadtar faoiseamh a éileamh ar ranníocaíochtaí a leanann tú a íoc ar phinsin cáilitheach thar lear nuair a bhogann tú go hÉirinn. Tugtar Faoiseamh Imirceora Ballstáit air seo. Féach ar Chapter 17 of the Pensions Manual chun tuilleadh eolais a fháil.

Céile nó páirtnéir sibhialta neamhchónaitheach

Féadfaidh sé go bhfuil tú pósta agus nach bhfuil do pháirtnéir cónaitheach in Éirinn. Má tá tú, caitear leat mar dhuine singil chun críocha cánach.

Má tá cónaí ar do chéile thar lear, áfach, agus mura bhfuil aon ioncam acu sa tír sin, féadtar cáin a ghearradh oraibh anseo mar lánúin phósta.

Féach ar Phósadh agus páirtnéireachtaí sibhialta chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi a ngearrtar cáin ar lánúineacha pósta nó páirtnéirí sibhialta.

Clár Faoiseamh Sannaí Speisialta (CFSS)

Féach ar an gClár Faoiseamh Sannaí Speisialta (CFSS) i gCreidmheasanna cánach pearsanta, faoisimh agus díolúintí chun tuilleadh eolais a fháil ar an bhfaoiseamh cánach seo.