Bogadh go hÉirinn nó filleadh ar Éirinn

Comhaontú um Chánachas Dúbailte

Má tá tú ag obair agus ag íoc cánach thar lear, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal faoiseamh faoi Chomhaontú um Chánachas Dúbailte (CCD). Má tá, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal creidmheasa le haghaidh cáin neamh-inaisíoctha a íocadh sa tír eile.

Neamhchónaitheach

Má tá ioncam agat a n-íocfaidh tú cáin Éireannach agus cáin eachtrach ina leith, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal faoiseamh a éileamh ó thír do chónaitheachta. Féadtar é seo a dhéanamh má tá CCD ag tír do chónaitheachta le hÉirinn.

Ní fhéadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ach an cháin Éireannach a d’íoc tú a aisíoc. Ní mór duit aisíoc cánach eachtrannaí a éileamh go díreach ón oifig cánach sa tír inar íoc tú é. Ní fhéadtar creidmheas a éileamh i leith cáin eachtrannach i gcoinne d’ioncaim Éireannaigh má rinneadh an cháin eachtrannach a aisíoc cheana féin.

Cónaitheach

Má tá tú cónaitheach agus sainchónaitheach in Éirinn, gearrfar cáin ort ar d’ioncam domhanda. Folaíonn sé seo ioncam eachtrach a tuilleadh thar lear. Má d’íoc tú cáin cheana féin ar an ioncam seo, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal creidmheas a éileamh. Creidmheas atá ann le haghaidh cáin eachtrannach a asbhaineadh faoi théarmaí CCD. Tá roinnt comhaontuithe CCD ag Éirinn le tíortha eile.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil sa rannán ar Chonarthaí um Chánachas Dúbailte.

Stiúrthóirí neamhchónaitheacha ar chuideachtaí corpraithe in Éirinn

Féadfaidh sé go bhfuil tú i do stiúrthóir ar chuideachta corpraithe in Éirinn agus, mar sin, go bhfuil seilbh agat ar Oifig Phoiblí in Éirinn. Íocfaidh tú cáin Éireannach ar an ioncam ón stiúrthóireacht seo beag beann ar an méid seo:

  • ar do shuíomh cónaitheachta cánach
  • ar an áit ina ndéanann tú do chuid dualgas.

Féadtar, i roinnt cásanna, a bheith i dteideal faoiseamh cánach a éileamh i leith d’ioncam mar stiúrthóir. Bheadh sé seo faoi théarmaí CCD idir Éirinn agus tír do chónaitheachta.

Ar aghaidh: Bonn bliana scoilte sa bhliain a thagann tú