Clár Faoisimh Sannaí Speisialta

Léargas ginearálta

Tabhair do d'aire

Ar an 01 Eanáir 2024, seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim Tairseach nua r-CFSS (eSARP) ar Sheirbhís ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ón 01 Eanáir 2024, féadtar gach Foirm CFSS 1A agus gach Tuairisceán CFSS Fostóra a ullmhú agus a thíolacadh trí ROS.

Soláthraítear sa Clár Faoisimh Sannaí Speisialta faoiseamh ó Cháin Ioncaim (CI) do dhaoine áirithe a shanntar chun oibriú in Éirinn ó áiteanna thar lear. Ní mór d'fhostóir ábhartha thú a shannadh chun oibriú in Éirinn don fhostóir sin (nó cuideachta chomhlachaithe le d’fhostóir ábhartha). Baineann faoiseamh Clár Faoisimh Sannaí Speisialta le sannacháin i rith aon chinn de bhlianta cánach 2012 go dtí 2025. 

Fostóir ábhartha

Cuideachta í seo atá corpraithe agus lonnaithe i dtír ar chuspóirí cánach ag a bhfuil ceann acu seo

Cuideachta chomhlachaithe

Tugtar sainmhíniú ar ‘cuideachta chomhlachaithe’ in alt 432 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Ar aghaidh: Céard iad na coinníollacha cáilithe?