Clár Faoisimh Sannaí Speisialta

Cén chaoi a ndéanann tú iarratas ar fhaoiseamh SARP?

Ón 1 Eanáir 2024, beifear in ann an Fhoirm SARP 1A a dheimhniú tríd an tairseach eSARP. Féadtar teacht ar an tairseach eSARP trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Tá tuilleadh eolais agus treorach ar fáil Guide to the online SARP 1A and SARP Employer Return.

Chun rochtain a fháil ar an tairseach eSARP, beidh ceadanna 'Soghluaisteacht Dhomhanda' ag teastáil ó ghníomhaire atá ag gníomhú thar ceann fostóra ar ROS. Tá tuilleadh eolais ar fáil san Tax and Duty Manual Part 37-00-04b.

Is é an tairseach eSARP an modh is fearr leis na Coimisinéirí Ioncaim chun tíolacthaí faoisimh SARP a bhainistiú agus a riar. Mura féidir le fostóir cuí nó cuideachta chomhlachaithe an deimhniú a thíolacadh ar líne, is féidir leo é a dhéanamh le foirm páipéir SARP 1A. Chun leagan páipéir den Fhoirm SARP 1A a iarraidh, ba chóir don fhostóir chuí nó don chuideachta ghaolmhar scríobh chuig:

An tAonad Náisiúnta CFSS
9/15 Sráid Uí Chonaill Uachtarach
Baile Átha Cliath 1
D01 YT32.

Agus iarratas á dhéanamh ar leagan páipéir den Fhoirm SARP 1A, ba chóir na sonraí seo a leanas a chur ar fáil don Aonad Náisiúnta CFSS:

  • an fáth nach féidir SARP 1A a thíolacadh tríd an tairseach eSARP
  • ainm an fhostaí ábhartha
  • seoladh agus Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) (más eol) an fhostaí ábhartha 
  • an dáta a tháinig an fostaí ábhartha isteach sa Stát den chéad uair chun dualgais fostaíochta a chomhlíonadh
  • agus
  • ainm agus seoladh na cuideachta dá gcomhlíonann an fostaí ábhartha dualgais fostaíochta sa Stát.

Ar aghaidh: Cén chaoi a dheonaítear an faoiseamh?