Clár Faoisimh Sannaí Speisialta

Céard iad riachtanais tuairiscithe an fhostóra?

Ní mór do gach fostóir tuairisceán bliantúil a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim. Ón 01 Eanáir 2024, is féidir le fostóirí Tuairisceán Fostóra 2023 agus gach bliain ina dhiaidh sin a thíolacadh tríd an tairseach eSARP ar líne. Féadtar teacht ar an tairseach eSARP trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Tá tuilleadh eolais agus treorach ar fáil Guide to the online SARP 1A and SARP Employer Return.

Chun rochtain a fháil ar an tairseach eSARP, beidh ceadanna 'Soghluaisteacht Dhomhanda' ag teastáil ó ghníomhaire atá ag gníomhú thar ceann fostóra. Tá tuilleadh eolais ar fáil san Tax and Duty Manual Part 37-00-04b.

Is é an tairseach eSARP an modh is fearr leis na Coimisinéirí Ioncaim chun tíolacthaí faoisimh SARP a bhainistiú agus a riar. Mura féidir le fostóir a dTuairisceán Fostóra SARP 2023 a thíolacadh ar líne, is féidir leagan páipéir a fháil trí scríobh chuig:

An tAonad Náisiúnta CFSS                                                                                      9/15 Sráid Uí Chonaill Uachtarach                                                                        Baile Átha Cliath 1                                                                                                    D01 YT32.

Agus iarratas á dhéanamh ar leagan páipéir de Thuairisceán Fostóra SARP, ba chóir an méid seo a leanas a chur ar fáil don Aonad Náisiúnta CFSS:

  • an fáth nach féidir tuairisceán SARP fostóra a thíolacadh tríd an tairseach eSARP
  • agus
  • ainm, seoladh agus Uimhir Cláraithe Cánach (UCC) an fhostóra.

Tá Tuairisceáin Fostóra do 2022, 2021, 2020, 2019 agus 2018 ar fáil faoi 'Foirmeacha Gaolmhara'.