Clár Faoisimh Sannaí Speisialta (CFSS)
Cén chaoi a ríomhtar cé mhéid faoisimh atá dlite?
Sa chás go gcáilíonn tú don CFSS, féadfaidh tú éileamh a dhéanamh go dtugtar neamhaird ar sciar de do thuilleamh ón fostaíochta ó thaobh Cánach Ioncaim de. Má thagann tú isteach go hÉirinn tar éis 1 Eanáir 2023, is ionann an scair agus 30% de d’ioncam os cionn €100,000, suas le teorainn €1,000,000. Má tháinig tú go hÉirinn tar éis an 1 Eanáir 2026, is é 30% de d'ioncam os cionn €125,000, suas le teorainn €1,000,000.
Níl an faoiseamh i gceist leis an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU), mar sin beidh ort MSU a íoc ar an tsuim iomlán de do thuarastal. Féadtar an faoiseamh a éileamh le haghaidh uasteorainn cúig bliana i ndiaidh a chéile, ag tosú sa bhliain ina bhfuil tú i dteideal an fhaoisimh a fháil den chéad uair.
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, féadtar an faoiseamh a éileamh ar feadh ceithre bliana as a chéile ar a mhéad, má dhéantar deimhniú an fhostóra tar éis 90 lá. Tosaíonn do theidlíocht i leith an fhaoisimh sa bhliain tar éis duit a bheith i dteideal an fhaoisimh den chéad uair. I gcásanna den sórt sin, ní mór deimhniú an fhostóra a dhéanamh laistigh de 180 lá, ó do dháta teachta.
Má cháilíonn tú don fhaoiseamh, tá tú i dteideal costais áirithe taistil agus costais a bhaineann le hoideachas do linbh (nó leanaí) a fháil (saor ó cháin).
Ar aghaidh: Cén chaoi a ndéanann tú iarratas ar fhaoiseamh SARP?