Clár Faoisimh Sannaí Speisialta (CFSS)

Cad iad na coinníollacha chun cáiliú?

Féadfaidh tú Clár Faoisimh Sannaí Speisialta a éileamh má shásaíonn tú gach ceann de na riachtanais seo a leanas: 

  • Tagann tú go hÉirinn in aon cheann de na blianta cánach ó 2012 go 2030, ar iarraidh d’fhostóra, chun tabhairt faoi dhualgais in Éirinn don fhostóir sin (nó le cuideachta chomhlachaithe an fhostóra sin).
  • Díreach sula sanntar thú chun oibriú in Éirinn, d'oibrigh tú lasmuigh d’Éirinn ar feadh sé mhí, ar a laghad, don fhostóir a rinne thú a shannadh chun oibriú in Éirinn.
  • Tugann tú faoi dhualgais ar feadh 12 mhí i ndiaidh a chéile, ar a laghad, ón dáta a shanntar thú den chéad uair.
  • Ní raibh cónaí ort in Éirinn ar chuspóirí cánach sa tréimhse le cúig bliana cánach anuas díreach roimh an mbliain inar tháinig tú go hÉirinn chun glacadh le fostaíocht.
  • Tá cónaí ort in Éirinn ar chuspóirí cánach le haghaidh gach bliana dá n-éilíonn tú an faoiseamh.
  • Tuilleann tú buntuarastal €125,000 sa bhliain. Ní áirítear leis an tsuim seo gach bónas, coimisiún nó íocaíochtaí den chineál céanna, sochair nó luach saothair scairbhunaithe eile.
  • Tá Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) agat.
  • Comhlánaíonn d'fhostóir deimhniú maidir le do theidlíocht ar an CFSS agus cuirtear é sin faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim laistigh de 90 lá ó nuair a thagann tú. Má thagann tú ar an 1 Eanáir 2026 nó ina dhiaidh, d'fhéadfá cáiliú fós má dhéantar an deimhniú fostóra tar éis 90 lá. Mar sin féin, tá sé seo ar choinníoll go ndéanann d'fhostóir deimhniú laistigh de 180 lá ó nuair a thagann tú.  I gcásanna den sórt sin, níl an faoiseamh ar fáil don chéad bhliain atá tú cónaitheach.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ríomhtar cé mhéid faoisimh atá dlite?