Éire a fhágáil
Bonn bliana scoilte sa bhliain a fhágann tú
Féadfaidh sé go bhfuil tú ag bogadh thar lear. Féadtar 'bonn bliana scoilte' a éileamh ar d'ioncam fostaíochta sa bhliain a fhágann tú Éire más rud é go bhfuil tú:
- cónaitheach sa bhliain a fhágann tú
- agus
- neamhchónaitheach in Éirinn an bhliain dár gcionn.
Baineann bonn bliana scoilte le hioncam fostaíochta amháin.
Gearrtar cáin ar d’ioncam uile fostaíochta ar an ngnáthbhealach suas go dtí an dáta a fhágann tú. De ghnáth, gheobhaidh tú creidmheasanna cánach na bliana go léir sa bhliain a fhágann tú. Déantar neamhaird ar d'ioncaim fostaíochta a thuilltear thar lear sa bhliain tar éis an dáta imeachta chun críocha cánach in Éirinn.
Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh
Féadfaidh tú iarratas le haghaidh bonn bliain scoilte a dhéanamh i scríbhinn:
Ag braith ar an achar ama a bheidh tú ag fanacht thar lear, féadfaidh sé gur gá duit ceachtar díobh seo a fháil:
- ráiteas ó d’fhostóir
- nó
- cóip de do chonradh fostaíochta.
Má bhog tú thar lear tar éis an 31 Nollaig 2024. Sa chás sin, féadtar bonn bliain scoilte a éileamh don bhliain imeachta trí Thuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh.
Ar aghaidh: An bhfuil tú i dteideal aisíocaíocht chánach?